Gradam Ceoil Tg4 2004 : Amhránaí sean-nóis, Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnachadha leis an amhrán, Cuaichín Gleann Neifinn i Halla na hOllscoile, Luimneach 2004. ( le liricí )
Connemara sean-nós singer Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnachadha at the TG4 Irish Music Awards in 2004.
Cuaichín Ghleann Néifinn : Irish Song Lyrics : Na Foacil ; Na Liricí :
Tá féar fada ‘gus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí 'gus dealra ag fás go hard ar bharra crann ann.
Dhá mbeinnse ‘s mo stóirín pósta ‘s an saol ag goil mar is ceart linn,
Bheadh an t-airgead inár bpócaí ‘is luach an óil ag bean a’ leanna.
’S dhá mba liomsa oileán Éireann, trí chéile ’gus an Bhreatain,
'Is bhfuil de ór craobhach ag Séarlas Ó Fathaigh,
Nach dtabharfainn uilig an méid sin, ach mo chéad searc a bheith agam,
I ngleanntán mhín Neifinn nó i mBéal an Áth Fhada.
‘S tá cailín óg deas ar thaobh a’ tsléibhe, is deas a’ féirín í le mealladh,
‘Agus chaith mé fhéin an oíche aréir, ag súil is go dtabharfainn abhaile í,
Nú gur chúitíos ar Seán Seoighe a’ bheith romham ar na bealaí,
Bhain sé coróin dhíom ar mo lóistín, agus sé pingine ar mo leaba.
Tá smúit ar na réalta, ar an ngréin, is ar an ngealach,
’S ar amharc mo shúl fhéin, is ní léir dhom na bealaí,
I ndiaidh chuaichín Ghleann Néifinn, nár fhéad mé riamh a mhealladh,
Is a stóirín, tabhair ón bpian mé, mar sí do mhéin breá atá go mo lagan.
Is 'a fágfaidh mise an áit seo, mar atá sé an-uaigneach,
Is rachaidh mé tóraíocht mo mhíle stóirín, i ngach áit dá bhfaigh mé tuairisc,
Ní léir dhom na cros-bhóithre, is tá na deora do mo dhalladh,
'Is nach é mo léan géar gan é teach mo lóistín, san áit a gcóiríonn tú do leaba.
You can access all of the Gradam Ceoil TG4 awards shows in full since 1998 by following the link below. Is de thoradh comhthionscadail idir TG4 agus an Irish Traditional Music Archive / Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) an chartlann seo. 🎶 ➡️ [ Ссылка ]
#Gradam #TG4 #TradTG4 #CeolTG4
![](https://i.ytimg.com/vi/93D5Ol2HNTY/maxresdefault.jpg)