Pat Mháirtín Learaí Mac Donnachadha as Caisheal, Conamara leis an amhrán, Cuaichín Ghleann Néifinn i dTigh Tábhairne ,The Auld Triangle, Finsbury, Londain i 2002. D'fhág Pat Conamara i 1951 agus b'sheo é an chéad uair a deanadh aon taifeadadh air, ar radio ná ar teilifís.
Connemara sean-nós singer, Pat Mháirtín Learaí Mac Donnachadha from Caiseal, Conamara, Co. Galway, in The Auld Triangle, Finsbury Park, London, recorded for the Geantraí series on TG4 in 2002.
Cuaichín Ghleann Néifinn : Na Focail :
Tá féar fada ‘gus fásach, i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí glasa ag fás ann, go hard ar bharra crann ann.
Dhá mbeinnse ‘s mo stóirín pósta, is an saol ag goil mar cheart linn,
Bheadh an t-airgead inár bpócaí, bheadh luach an óil ag bean a’ leanna.
Tá smúit ar na réalta, ar an ngrian, 'gus ar an ngealach,
Ar amharc mo shúl sa, mar níor léir dhom an bealach,
I ndiaidh chuaichín Ghleann Néifinn, ar chinn ar aon fhear ariamh a mhealladh,
Ach fágaí liom féin mé, faoi do mhéin bhreá , atá go mo lagan.
Tá cailín óg deas ar mbarr a’ tsléibhe, ar chinn ar aon fhear ariamh í a mhealladh,
Agus chaith mé an oíche aréir lei , ag iarraidh í thabhairt abhaile,
Bhuel is cúiteamh le Seán Seoighe, a’ bheith romham ar an mbealach,
Bhain sé leath-choróin dhíom ar mo lóistín, agus sé pingine ar mo leaba.
Agus fágfaidh mise an áit seo, mar atá sé go huaigneach,
Rachaidh mé tóraíocht mo mhíle stóirín, gach áit bhreá 'a bhfaigh mé tuairisc,
Ní léir dhom na cros-bhóithre, tá na deora do mo dhalladh,
'Sé mo léan géar gan é teach mo lóistín, 'san seomra 'ina gcóiríonn tú do leaba.
Tá níos mó cláir Geantraí ar fáil ar Sheinnteoir TG4 anois, am ar bith ar fud na cruinne / More episodes of Geantraí are available on the TG4 Player now - watch anytime, anywhere in the world 🎶🌎➡️ [ Ссылка ]
Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on YouTube ➡️ [ Ссылка ]
Glac síntiús chuig Cainéal Ceoil TG4 ar YouTube➡️ [ Ссылка ]
![](https://i.ytimg.com/vi/Sm6X0t3UTGo/maxresdefault.jpg)